Ag iarraidh a bheith i do thiarna talún

Níl ceangal dlíthiúil ort do réadmhaoin a ligean ar cíos do dhuine éigin a fhaigheann tacaíocht ÍCT. Is tusa a roghnaíonn tionóntaí do do réadmhaoin. Mar sin féin, ní cheadaítear duit diúltú réadmhaoin a ligean ar chíos do dhuine éigin díreach toisc go bhfaigheann an duine sin ÍCT. Má dhéanann tú é sin, beidh na dlíthe comhionannais á sárú agat. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ag www.ihrec.ie.

Má bhraitheann duine éigin gur dhiúltaigh tú réadmhaoin a ligean ar chíos dóibh toisc go bhfaigheann siad ÍCT, is féidir leo gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ag: www.workplacerelations.ie/ga

Ní mór do tionóntaí ÍCT a gcóiríocht féin a fháil ar mhargadh na gcíosanna príobháideacha. Tá sé seo mar an gcéanna leis an scéim Forlíonadh Cíosa reatha. Mar chuid de phróiseas an iarratais tionónta, ní mór duit, tiarna talún na réadmhaoine, eolas áirithe a sheoladh go dtí an t-údarás áitiúil. Is féidir leat dul ar ais go Cuid B den fhoirm iarratais ÍCT leis an eolas díreach go dtí an t-údarás aitiúil.

Áireofar leis an eolas seo:

  • an méid iomlán de chíos míosúil
  • fianaise de d’úinéireacht/ceart a bheith i do thiarna talún ar an réadmhaoin, mar aon le d’ainm agus seoladh na réadmhaoine
  • ceanntásc ó ráiteas bainc, le d’ainm/ainm do ghníomhaire agus seoladh chun a chruthú go bhfuil an duine/an chuideachta atá ainmnithe chun íocaíochtaí ÍCT a fháil ina s(h)ealbhóir cuntais lena mbaineann na sonraí bainc atá curtha ar fáil
  • gealltanas maidir le comhlíonadh na réadmhaoine le caighdeáin le haghaidh cóiríocht cíosa
  • gealltanas maidir le do chomhlíonadh cánach
  • do UPSP nó Uimhir Thagartha Chánach

Má chuirtear tionóntacht nua ar fáil i gcrios brú cíosa, caithfidh tú ráiteas scríofa a thabhairt don tionónta ag míniú conas a ríomhtar an cíos socraithe faoi thionóntacht na háite cónaithe maidir leis an bhfoirmle do chriosanna brú cíosa. Iarrfaidh an t-údarás áitiúil ar chóip den ráiteas seo nuair atá sé infheidhme. Féach www.rtb.ie/rent-pressure-zones le haghaidh tuilleadh eolais maidir le criosanna brú cíosa.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an Leabhrán Eolais ÍCT do Thiarnaí Talún nó déan teagmháil le d’údarás áitiúil.