Ag aistriú ón bhForlíonadh Cíosa

Má tá Forlíonadh Cíosa (FC) á fháil agat agus má cháilíonn tú do thacaíocht tithíochta sóisialta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar ÍCT do do chóiríocht reatha.

Má tá FC á fháil agat ar feadh tréimhse ama suntasach, is féidir go n-iarrfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí ort teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil faoina bheith cáilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta, agus faoi iarratas a dhéanamh ar ÍCT.

Má théann tú isteach sa scéim ÍCT, cuirfear stop le d’íocaíochtaí FC nuair a dhéanfar d’iarratas ar ÍCT a fhaomhadh. Scríobhfar chugat, mar thionónta ÍCT, agus chuig do thiarna talún ansin chun cur síos soiléir a dhéanamh ar an bpróiseas.

Féadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí leanúint de FC a íoc le faighteoirí nach gcáilíonn do thacaíocht tithíochta sóisialta.