Conas do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil a íoc
Is féidir do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil a íoc mar seo a leanas:
- An Post (Asbhaint Buiséad Teaghlaigh)
- Buanordú Bainc (Úsáid an Foirm Bhuanordú seo le do thoil)
Mura n-asbhaintear do chíos go huathoibríoch, bain úsáid as ceann de na modhanna seo a leanas:
- Íoslódáil an Aip HAP (Féach ár dTreoir Conas é a Dhéanamh anseo) chun íocaíocht a dhéanamh, féachaint ar do chuntas agus ráiteas a íoslódáil (Faighteoir HAP agus pascal ag teastáil)
- Ar líne ag baint úsáid as an tairseach Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta (aitheantas agus pasfhocal d’Fhaighteoir ÍCT ag teastáil)
- Trí ghlaoch a chur ar 061-556600 (aitheantas agus pasfhocal d’Fhaighteoir ÍCT ag teastáil)
- Cárta Íoc Bille ÍCT (eisithe laistigh de 10 lá ón lá tosaithe) in aon Oifig an Phoist nó in aon siopa ina dtaispeántar an comhartha PostPoint chun do chíos sheachtainiúil a íoc
Tabhair faoi deara gur féidir leat do ráiteas cuntais ÍCT féin a ghiniúint agus a íoslódáil ar líne ag https://happayments.limerick.ie. Is féidir an áis ghréasáin seo a úsáid freisin chun riaráistí a ghlanadh nó chun do chíos sheachtainiúil ÍCT a íoc ar líne, más gá.
Tusa atá freagrach as a chinntiú go bhfuil an ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil ceart.
Roimh íocaíocht a dhéanamh trí mhodh íocaíochta eile, le do thoil déan cinnte nach raibh do chíos bainte go huathoibríoch ó do bhainc nó oifig an phoist.