Buntáistí na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíochta do thiarnaí talún agus gníomhairí

Is éard atá sa scéim Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) ná tacaíocht tithíochta sóisialta arna cur ar fáil ag an údarás áitiúil a oibríonn ar mhaithe le tiarnaí talún, gníomhairí agus tionóntaí araon.

Soláthraíonn ÍCT cúnamh tithíochta do theaghlaigh a cháilíonn do thacaíocht tithíochta sóisialta, agus do go leor daoine a bhfuil Forlíonadh Cíosa á fháil acu ar feadh tréimhse fada.

Áirítear na buntáistí seo a leanas leis na buntáistí do thiarnaí talún agus gníomhairí:

  • íoctar tiarnaí talún ÍCT gach mí ag Údaráis Áitiúla ar son an tionónta
  • níl bailiú cíosa riachtanach, déantar gach íocaíocht go leictreonach
  • déantar gach íocaíocht ÍCT in ainneoin aon athruithe ar ioncam an tionónta
  • ní dhéantar aon chigireachtaí caighdeáin ar réadmhaoin phríobháideach ar cíos ná seiceálacha ar chomhlíonadh cánach roimh ré (is féidir an dá rud sin a dhéanamh tar éis an tionóntacht agus na híocaíochtaí cíosanna a thosú, más gá)

Ceanglaítear ar thionóntaí ÍCT ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil a íoc go díreach lena n-údarás áitiúil. Is féidir le húdarás áitiúla fuaidrigh nó stop a chuir le híocaíochtaí faoi dheireadh le haghaidh neamhíoc an chíosa ag an tionónta. Mar sin, ta riosca íseal maidir le neamhíoc a tharla. Oibríonn an fhoireann ICT go dlúth le tionóntaí chun cinntiúto go n-íocann siad a gcíos in am.