Cad is ICT ann?

Is cineál tacaíochta tithíochta sóisialta an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) arna soláthar ag d’údarás áitiúil.

Déanann údaráis áitiúla íocaíocht chíosa mhíosúil ar do shon le do thiarna talún, ag brath ar théarmaí agus coinníollacha, teorainneacha cíosa san áireamh. Agus íocann an tionónta ÍCT ranníocaíocht sheachtainiúil chíosa leis an údarás áitiúil.

Ligeann ÍCT duit a bheith ag obair go lánaimseartha, agus ag an am céanna fós ag fáil tacaíocht tithíochta.