Eolas do Thiarnaí Talún
Cineálacha réadmhaoine a bhfuil gá leo
Teastaíonn gach cineál réadmhaoine uainn do gach cineál teaghlach agus méid teaghlaigh.
Na buntáistí a bhaineann lena bheith i do thiarna talún ÍCT do Dhaoine gan Dídean
Áirítear leis na buntáistí a bhaineann lena bheith i do thiarna talún ÍCT do Dhaoine gan Dídean:
- éarlais agus cíos roimh ré do theaghlaigh gan dídean
- Ionad Seirbhísí Comhroinnte lárnach a íocann agus a bhailíonn na cíosanna
Iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar a bheith i do thiarna talún ÍCT, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil. Ní mór duit eolas agus doiciméid áirithe a sheoladh chuig d’údarás áitiúil mar chuid de d’iarratas.