Eolas do Thiarnaí Talún

Cineálacha réadmhaoine a bhfuil gá leo

Teastaíonn gach cineál réadmhaoine uainn do gach cineál teaghlach agus méid teaghlaigh.

Na buntáistí a bhaineann lena bheith i do thiarna talún ÍCT do Dhaoine gan Dídean

Áirítear leis na buntáistí a bhaineann lena bheith i do thiarna talún ÍCT do Dhaoine gan Dídean:

  • éarlais agus cíos roimh ré do theaghlaigh gan dídean
  • Ionad Seirbhísí Comhroinnte lárnach a íocann agus a bhailíonn na cíosanna

Iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar a bheith i do thiarna talún ÍCT, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil. Ní mór duit eolas agus doiciméid áirithe a sheoladh chuig d’údarás áitiúil mar chuid de d’iarratas.