Eolas do thionóntaí
Conas a cháilítear
Chun cáiliú le haghaidh ÍCT do Dhaoine gan Dídean ní mór do d’údarás áitiúil a chinneadh:
- go bhfuil tú gan dídean agus nach bhfuil aon rogha cóiríochta eile agat
- go dteastaíonn tacaíocht bhreise uait chun teach oiriúnach ar cíos a fháil
Tacaíochtaí Aimsitheoir Áite ÍCT do Dhaoine gan Dídean
Féadfaidh Seirbhís an Aimsitheora Áite i d’údarás áitiúil:
- cabhrú leat réadmhaoin oiriúnach a fháil ar cíos
- an éarlais le haghaidh réadmhaoine a íoc le do thiarna talún nó do ghníomhaire
- cíos a íoc roimh ré le do thiarna talún nó gníomhaire
- dul suas le 35% os cionn theorainn chíosa ÍCT lasmuigh de cheantar Bhaile Átha Cliath
- dul suas le 50% os cionn theorainn chíosa ÍCT i gceantar Bhaile Átha Cliath
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar ÍCT do Dhaoine gan Dídean ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil.