Eolas do thionóntaí

Conas a cháilítear

Chun cáiliú le haghaidh ÍCT do Dhaoine gan Dídean ní mór do d’údarás áitiúil a chinneadh:

  • go bhfuil tú gan dídean agus nach bhfuil aon rogha cóiríochta eile agat
  • go dteastaíonn tacaíocht bhreise uait chun teach oiriúnach ar cíos a fháil

Tacaíochtaí Aimsitheoir Áite ÍCT do Dhaoine gan Dídean

Féadfaidh Seirbhís an Aimsitheora Áite i d’údarás áitiúil:

  • cabhrú leat réadmhaoin oiriúnach a fháil ar cíos
  • an éarlais le haghaidh réadmhaoine a íoc le do thiarna talún nó do ghníomhaire
  • cíos a íoc roimh ré le do thiarna talún nó gníomhaire
  • dul suas le 35% os cionn theorainn chíosa ÍCT lasmuigh de cheantar Bhaile Átha Cliath
  • dul suas le 50% os cionn theorainn chíosa ÍCT i gceantar Bhaile Átha Cliath

Conas Iarratas a Dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar ÍCT do Dhaoine gan Dídean ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil.