Conas iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht cíosa ró-íoctha

  • Ní mór go mbeadh creidmheas/ró-íocaíocht (luach diúltach) ar do Chuntas ÍCT
  • Sa chás go gcuirtear deireadh le tionóntacht ÍCT, ní mór na híocaíochtaí ar fad a stopadh sular féidir aisíocaíocht a phróiseáil
  • Sa chás go bhfuil do thionóntacht ÍCT gníomhach, ní dhéanfar aisíocaíocht a phróiseáil ach amháin nuair a bhíonn an creidmheas/ró-íocaíocht comhionann le breis is sé seachtaine cíosa. Más sé seachtaine nó níos lú an creidmheas/ró-íocaíocht, molann Ionad Seirbhísí Comhroinnte ÍCT stop a chur le híocaíochtaí go dtí go n-úsáidfear an creidmheas/ró-íocaíocht. Déan teagmháil le hIonad Seirbhísí Comhroinnte ÍCT ar 061 556600 má tá tú ag íoc trí Bhuiséad Teaghlaigh (BT).

TABHAIR FAOI DEARA: ortsa atá an fhreagracht, mar fhaighteoir ÍCT, d’íocaíochtaí a atosú chun a chinntiú nach dtéann do chuntas ÍCT i riaráiste agus b’fhéidir i bpróiseas fiachais.

Bain úsáid as an bhFoirm Iarratais Aisíocaíochta seo.