Íocaíochtaí Tionónta ÍCT

Déanfaidh d’údarás áitiúil íocaíocht mhíosúil go díreach le do thiarna talún, ar an gCéadaoin dheireanach de gach mí. Bíonn Íocaíochtaí ÍCT bunaithe ar líon na ndaoine i dteaghlach agus ar an margadh cíosa sa cheantar.

Tá cead teoranta ag údaráis áitiúla chun dul os cionn teorainneacha cíosa ÍCT i gcásanna áirithe. Sa chás go sáraíonn an cíos míosúil arna chomhaontú le do thiarna talún an t-uasráta ÍCT atá iníoctha ag d’údarás áitiúil, ní mór duit an difríocht a íoc go díreach le do thiarna talún. Mar sin féin, bíonn freagracht ar údaráis áitiúla a chinntiú go mbíonn tionóntachtaí inbhuanaithe agus ní féidir leo tacaíocht ÍCT a sholáthar nuair nach mbíonn teaghlach in ann na costais cíosa atá á lorg a íoc.

Bíonn an ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil a íocann tú le d’údarás áitiúil bunaithe ar ioncam do theaghlaigh. Déantar í a ríomh sa bhealach céanna is a ríomhtar an cíos íoctha ag tionónta a chónaíonn i réadmhaoin atá faoi úinéireacht an údaráis áitiúil. Ní mór é seo a íoc le bheith incháilithe fós do ÍCT.

Is féidir tuilleadh eolais ar na teorainneacha a bhaineann le do theaghlach a fháil ó d’údarás áitiúil.