Scéim ICT – Téarmaí agus Coinníollacha na tionóntaí

Nuair a théann tú isteach sa scéim ICT síníonn tú Comhaontú Ranníocaíochta Cíosa. Coinníonn An Comhaontú Ranníocaíochta Cíosa téarmaí agus coinníollacha an scéim ICT. Aontaíonn tú leis na téarmaí agus coinníollacha a leanúint nuair a shíníonn tú an comhaontú.

Ní hiad na téarmaí agus coinníollacha iomlána thíos. Le haghaidh leagan iomlán de na téarmaí agus coinníollacha le do thoil féach ar do Chomhaontú Ranníocaíochta Cíosa atá sínithe.

Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas go bhfuil íocaíochtaí ICT déanta go dtí do thiarna talún ag Ionad Seirbhíse Roinnte HAP i Luimneach, ar son d’húdarás áitiúil. Is féidir íoc as do ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil go hIonad Seirbhíse Roinnte HAP.

Trí íocaíocht a fháil ó m’údarás áitiuil ó mo thionóntacht HAP:

Cíos sheachtainiúil

Aontaím le mo ranníocaíocht cíosa seachtainiúla a íoc go dtí m’údarás áitiúil. Ríomhfaidh m’údarás áitiúil mo ranníocaíocht cíosa seachtainiúla de réir a Scéim Cíosanna Difreálacha.

Athruithe ar mo chíos sheachtainiúil

Tá a fhios agam go bhfuil m’údarás áitiúil in ann, ó am go ham, méid mo ranníocaíocht cíosa seachtainiúla a athrú má:

  • Tá athru i Scéim Cíosanna Difreálacha i m’údarás áitiúil
  • Má athraíonn mo chúinse nó ioncam. Mar shampla, má ardaíonn m’ioncam, b’fhéidir go n-athródh mo ranníocaíocht cíosa seachtainiúla

Fianaise ioncaim

Nuair a iarradh orm, tabharfaidh mé m’fhianaise ioncaim agus ioncam mo theaghlach go dtí m’údarás áitiúil. Tabharfaidh mé aon doiciméid a bhfuil ag teastáil go dtí m’údarás áitiúil chun m’ioncam a chinntiú. Is féidir leis an údarás áitiúil m’ioncam a sheiceáil le comhlachtaí stát.

Athrú ioncaim

Má athraíonn m’ioncam nó ioncam mo theaghlach, cuirfidh mé m’údarás áitiúil ar an eolas faoi. Tuigim mura ndéanaim é seo, b’fhéidir go mbeidh riaráiste cíosa suntasacha agus is féidir an tacaíocht ICT a chailliúint.

Íocaíochtaí ÍCT a stopadh

Tá a fhios agam go bhfuil m’údarás áitiúil in ann a bheith ag déanamh íocaíocht ICT a chuir ar fionraí nó stopadh go dtí mo thiarna talún ar mo shon má tharlaíonn aon cheann de na rudaí seo a leanas:

  • mura dtugaim m’údarás áitiúil an t-eolas atá ag teastáil uathu, mar shampla eolas faoi na daoine i mo theaghlach nó daoine atá ag iarraidh teacht isteach i mo theaghlach; nó
  • mura n-íocaim mo ranníocaíocht cíosa seachtainiúla; nó
  • Má ghlacaim páirt in iompraíocht fhrithshóisialta; nó
  • má bhogaim go teach nua istigh de 2 bhliain an comhaontú a shíniú agus má iarraim ar thacaíocht ICT le haghaidh an tí nua, gan cead an m’údarás áitiúil;

Má chuirtear stop le íocaíochtaí ÍCT

Nuair a stopann an t-údarás áitiúil na híocaíochtaí, beidh mé freagrach as cíos dlite a íoc go dtí mo thiarna talún.

Conas mo chíos seachtainiúil a íoc

Íocfaidh mé mo ranníocaíocht cíosa sheachtainiúil, aon mhéadú a bhain le hathrú ar m’ioncam nó ioncam mo theaghlaigh san áireamh, ag úsáid ceann de na modhanna atá liostaithe anseo .

Cíos seachtainiúil iomlán a íoc

Ní laghdóidh mé an íocaíocht a bhaineann le mo ranníocaíocht cíosa seachtainiúla le haghaidh aon chúis.

Freagracht as cíos seachtainiúil a íoc

Tá a fhios agam go bhfuil an fhreagracht ormsa chun cinntiú go n-íocaim mo ranníocaíocht cíosa seachtainiúla go dtí m’údarás áitiúil gach seachtain.